Tuesday, May 5, 2026
    The GeoStrategic Consensus
    No Result
    View All Result
    • Login
    • HOME
    • AMERICAS
      • Argentina
      • Brazil
      • Canada
      • Chile
      • Colombia
      • Costa Rica
      • Cuba
      • Dominican Republic
      • Ecuador
      • El Salvador
      • Greenland
      • Guatemala
      • Honduras
      • Mexico
      • Nicaragua
      • Panama
      • Paraguay
      • Peru
      • United States
      • Uruguay
      • Venezuela
    • ASIA-PACIFIC
      • Australia
      • Brunei Darussalam
      • Cambodia
      • China
      • Federated States of Micronesia
      • Fiji
      • Indonesia
      • Japan
      • Kiribati
      • Laos
      • Malaysia
      • Marshall Islands
      • Mongolia
      • Myanmar
      • Nauru
      • New Zealand
      • North Korea
      • Palau
      • Papua New Guinea
      • Philippines
      • Samoa
      • Singapore
      • Solomon Islands
      • South Korea
      • Taiwan
      • Thailand
      • Timor-Leste
      • Tonga
      • Tuvalu
      • Vanuatu
      • Vietnam
    • CARICOM
      • CARICOM – Non-English
        • Haiti
        • Suriname
      • CARICOM Associates
        • Anguilla
        • Bermuda
        • British-Virgin-Islands
        • Cayman-Islands
        • Curacao
        • Turks-and-Caicos
      • CARICOM English
        • Antigua and Barbuda
        • Barbados
        • Belize
        • Dominica
        • Grenada
        • Guyana
        • Jamaica
        • Montserrat
        • Saint Kitts and Nevis
        • Saint Lucia
        • Saint Vincent and the Grenadines
        • The Bahamas
        • Trinidad and Tobago
    • EURASIA
      • Armenia
      • Azerbaijan
      • Balarus
      • Georgia
      • Kazakhstan
      • Kyrgyzstan
      • Moldova
      • Russia
      • Tajikistan
      • Turkmenistan
      • Ukraine
      • Uzbekistan
    • EUROPE
      • Albania
      • Andorra
      • Austria
      • Bosnia and Herzegovina
      • Bulgaria
      • Croatia
      • Cyprus
      • Czech Republic
      • Denmark
      • Estonia
      • Finland
      • France
      • Germany
      • Greece
      • Holy See
      • Hungary
      • Iceland
      • Ireland
      • Italy
      • Kosovo
      • Latvia
      • Liechtenstein
      • Lithuania
      • Luxembourg
      • Malta
      • Monaco
      • Montenegro
      • Netherlands
      • North Macedonia
      • Norway
      • Poland
      • Portugal
      • Romania
      • San Marino
      • Serbia
      • Slovakia
      • Slovenia
      • Spain
      • Sweden
      • Switzerland
      • United Kingdom
    • MIDDLE EAST AND NORTH AFRICA
      • Algeria
      • Bahrain
      • Egypt
      • Iran
      • Iraq
      • Israel
      • Jordan
      • Kuwait
      • Lebanon
      • Lybia
      • Morocco
      • Oman
      • Palestinian Territories
      • Qatar
      • Saudi Arabia
      • Syria
      • Tunisia
      • Turkey
      • United Arab Emirates
      • Western Sahara
      • Yemen
    • SOUTH ASIA
      • Afghanistan
      • Bangladesh
      • Bhutan
      • India
      • Maldives
      • Nepal
      • Pakistan
      • Sri Lanka
    • SUB-SAHARAN AFRICA
      • Angola
      • Benin
      • Botswana
      • Burkina Faso
      • Burundi
      • Cabo Verde
      • Cameroon
      • Central African Republic
      • Chad
      • Comoros
      • Cote d’Ivoire
      • Democratic Republic of the Congo
      • Djibouti
      • Equatorial Guinea
      • Eritrea
      • Eswatini
      • Ethiopia
      • Gabon
      • Gambia
      • Ghana
      • Guinea
      • Guinea Bissau
      • Kenya
      • Lesotho
      • Liberia
      • Madagascar
      • Malawi
      • Mali
      • Mauritania
      • Mauritius
      • Mozambique
      • Namibia
      • Niger
      • Nigeria
      • Republic of the Congo
      • Rwanda
      • Sao Tome and Principe
      • Senegal
      • Seychelles
      • Sierra Leone
      • Somalia
      • South Africa
      • South Sudan
      • Sudan
      • Tanzania
      • Togo
      • Uganda
      • Zambia
      • Zimbabwe
    • HOME
    • AMERICAS
      • Argentina
      • Brazil
      • Canada
      • Chile
      • Colombia
      • Costa Rica
      • Cuba
      • Dominican Republic
      • Ecuador
      • El Salvador
      • Greenland
      • Guatemala
      • Honduras
      • Mexico
      • Nicaragua
      • Panama
      • Paraguay
      • Peru
      • United States
      • Uruguay
      • Venezuela
    • ASIA-PACIFIC
      • Australia
      • Brunei Darussalam
      • Cambodia
      • China
      • Federated States of Micronesia
      • Fiji
      • Indonesia
      • Japan
      • Kiribati
      • Laos
      • Malaysia
      • Marshall Islands
      • Mongolia
      • Myanmar
      • Nauru
      • New Zealand
      • North Korea
      • Palau
      • Papua New Guinea
      • Philippines
      • Samoa
      • Singapore
      • Solomon Islands
      • South Korea
      • Taiwan
      • Thailand
      • Timor-Leste
      • Tonga
      • Tuvalu
      • Vanuatu
      • Vietnam
    • CARICOM
      • CARICOM – Non-English
        • Haiti
        • Suriname
      • CARICOM Associates
        • Anguilla
        • Bermuda
        • British-Virgin-Islands
        • Cayman-Islands
        • Curacao
        • Turks-and-Caicos
      • CARICOM English
        • Antigua and Barbuda
        • Barbados
        • Belize
        • Dominica
        • Grenada
        • Guyana
        • Jamaica
        • Montserrat
        • Saint Kitts and Nevis
        • Saint Lucia
        • Saint Vincent and the Grenadines
        • The Bahamas
        • Trinidad and Tobago
    • EURASIA
      • Armenia
      • Azerbaijan
      • Balarus
      • Georgia
      • Kazakhstan
      • Kyrgyzstan
      • Moldova
      • Russia
      • Tajikistan
      • Turkmenistan
      • Ukraine
      • Uzbekistan
    • EUROPE
      • Albania
      • Andorra
      • Austria
      • Bosnia and Herzegovina
      • Bulgaria
      • Croatia
      • Cyprus
      • Czech Republic
      • Denmark
      • Estonia
      • Finland
      • France
      • Germany
      • Greece
      • Holy See
      • Hungary
      • Iceland
      • Ireland
      • Italy
      • Kosovo
      • Latvia
      • Liechtenstein
      • Lithuania
      • Luxembourg
      • Malta
      • Monaco
      • Montenegro
      • Netherlands
      • North Macedonia
      • Norway
      • Poland
      • Portugal
      • Romania
      • San Marino
      • Serbia
      • Slovakia
      • Slovenia
      • Spain
      • Sweden
      • Switzerland
      • United Kingdom
    • MIDDLE EAST AND NORTH AFRICA
      • Algeria
      • Bahrain
      • Egypt
      • Iran
      • Iraq
      • Israel
      • Jordan
      • Kuwait
      • Lebanon
      • Lybia
      • Morocco
      • Oman
      • Palestinian Territories
      • Qatar
      • Saudi Arabia
      • Syria
      • Tunisia
      • Turkey
      • United Arab Emirates
      • Western Sahara
      • Yemen
    • SOUTH ASIA
      • Afghanistan
      • Bangladesh
      • Bhutan
      • India
      • Maldives
      • Nepal
      • Pakistan
      • Sri Lanka
    • SUB-SAHARAN AFRICA
      • Angola
      • Benin
      • Botswana
      • Burkina Faso
      • Burundi
      • Cabo Verde
      • Cameroon
      • Central African Republic
      • Chad
      • Comoros
      • Cote d’Ivoire
      • Democratic Republic of the Congo
      • Djibouti
      • Equatorial Guinea
      • Eritrea
      • Eswatini
      • Ethiopia
      • Gabon
      • Gambia
      • Ghana
      • Guinea
      • Guinea Bissau
      • Kenya
      • Lesotho
      • Liberia
      • Madagascar
      • Malawi
      • Mali
      • Mauritania
      • Mauritius
      • Mozambique
      • Namibia
      • Niger
      • Nigeria
      • Republic of the Congo
      • Rwanda
      • Sao Tome and Principe
      • Senegal
      • Seychelles
      • Sierra Leone
      • Somalia
      • South Africa
      • South Sudan
      • Sudan
      • Tanzania
      • Togo
      • Uganda
      • Zambia
      • Zimbabwe
    No Result
    View All Result
    Agentially
    No Result
    View All Result
    Home EUROPE Ireland

    Kneecap ar pholaitíocht, brú agus sícideileacha: “Ar ndóigh, teastaíonn teiripe uainn … ar feadh na mblianta fada” – The Irish Times

    The Analyst by The Analyst
    May 5, 2026
    in Ireland
    Kneecap ar pholaitíocht, brú agus sícideileacha: “Ar ndóigh, teastaíonn teiripe uainn … ar feadh na mblianta fada” – The Irish Times


    Tá na ballaí timpeall ar cheantar Kneecap clúdaithe le tagairtí do stair agus cultúr na háite. “Blessed are those who hunger for justice,” a deir píosa graifítí garbh amháin. Tá múrphictiúr den dornálaí Michael Conlan ar bhalla Shráid na Sailchuaiche. Tá ceann eile ar Sráid na Sceiche ag déanamh comóraidh ar Mairéad Farrell, Seán Savage, agus Daniel McCann, baill den IRA a ndearna an SAS iad a mharú i nGiobráltar in 1988. Ós a choinne sin, tá múrphictiúr cáiliúil Kneecap, íomhá d’fheithicil póilíní agus é trí thine.

    READ ALSO

    Martina Devlin: We must stop regarding people with mental health issues as weak – depression is not a character flaw

    Two-way linguistic traffic? No problem! – The Irish Times

    Ag siúl suas an staighre sa tigh tábhairne béal dorais, an Hawthorn, agus pionta Guinness ina lámh aige, fiafraíonn Liam Óg Ó hAnnaidh den tábhairneoir tuilleadh piontaí a thabhairt suas faoi cheann leathuaire, agus níos mó arís faoi cheann leathuair eile.

    Am lóin Dé Luain atá ann i dteach tábhairne atá mar cheanncheathrú neamhoifigiúil ag Ó hAnnaidh, aka Mo Chara, agus ag Kneecap. Tá Naoise Ó Cairealláin aka Móglaí Bap ina theannta. Ar an mballa cúil thíos staighre tá comhartha crochta a bhrúigh Ó hAnnaidh fán fhuinneog agus lucht na meán bailithe taobh amuigh nuair a diúltaíodh don achomharc a rinne Seirbhís Ionchúiseamh na Corónach (Crown Prosecution Service) leis an gcás sceimhlitheoireachta a bhí tugtha i gcoinne Ó hAnnaidh – líomhaintí gur thaispeáin sé brat Hizbullah. Deir an fógra: “I’m a free mawn”. Thuas staighre, tá bord beag amháin, le lógó Kneecap deartha air. Seachtain níos déanaí, seinnfidh Kneecap ceolchoirm ag seoladh ceirnín nua leo, Fenian, sa Limelight, amharclann le spás ann do 750 duine, an cineál ionaid atá i bhfad róbheag do Kneecap na laethanta seo.

    Beidh siad ag casadh amhráin nua ón albam nuair a bheidh siad ina bpríomhoirfideach ag All Together Now i gContae Phort Láirge, agus nuair a sheinnfidh siad ag Páirc Crystal Palace i Londain, agus ag Primavera i mBarcelona, agus i bPorto, agus ag gigeanna eile i rith an tsamhraidh.

    An bhfuil láthair ar bith fágtha ar mhaith leo seinnt ann? “Caisleán Bhaile Shláine,” a deir Móglaí Bap agus Mo Chara. “Tá rud deas bunúsach faoi bheith i bpáirc,” a deir Móglaí Bap.

    As Gaeilge atá siad ag caint, mar a dhéanann siad ar feadh an ama agus muid i dteannta a chéile. Nuair a labhair The Irish Times le Kneecap roimhe seo, sular eisigh siad a chéad albam agus roimh an scannán beathaisnéise, in 2024, nó nuair a chuaigh Mo Chara os comhair na cúirte sa samhradh in 2025, ba as Béarla a bhí an comhrá. Ach is as Gaeilge a rapálann siad, agus teastaíonn uathu an teanga a chur chun cinn i ngach gné den saol. Mar sin d’iarr siad orm an t-agallamh seo a dhéanamh as Gaeilge, agus é a aistriú go Béarla ina dhiaidh sin, seachas a mhalairt.

    Bhí bliain ag Kneecap nach mbeidh ag mórán ealaíontóirí eile go deo: sluaite móra; ceolchoirmeacha curtha ar ceal; tuairiscí sna meáin idirnáisiúnta nuair a tharraing a seasamh ar an bPalaistín aird i ndiaidh dóibh seinnt ag Coachella; príomh-airí tíortha éagsúla ag iarraidh iad a chosc ag seinnt ar chláir féile, éisteachtaí cúirte; cuid iomlán de láthair Glastonbury dúnta de bharr go raibh an slua chomh mór sin; láithreacha díolta amach. D’eisigh siad roinnt amhrán mar fhreagraí ar imeachtaí ag an am, ina measc bhí The Recap, ag cáineadh Kemi Badenoc ceannaire Phairtí Coimeádach na Breataine, agus No Comment, machnamh ar an ruaille buaille agus paranóia a d’fhulaing an grúpa.

    [ Kneecap: Fenian – Never mind the outrage, here’s the brilliantly catchy five-star albumOpens in new window ]

    Is é Fenian an dara hiarracht acu an dara halbam a thaifeadadh: rinne siad ceann eile ach níor eisíodh é. Le Dan Carey ar an deasc – fear a d’oibrigh le Fontaines DC, Wet Leg agus Geese – tá an ceirnín plúchtach agus fairsing fosta, trodach ach grámhar ag pointí, uaireanta gruama ach bríomhar, agus níos dorcha ná a gcéad ceirnín Fine Art, a scaoileadh amach i mí an Mheitheamh 2024 agus a bhí gafa le héadónachas fuinniúil.

    Kneecap: Mo Chara, DJ Próvaí agus Móglaí Bap. Grianghraf: Tom Beard
    Kneecap: Mo Chara, DJ Próvaí agus Móglaí Bap. Grianghraf: Tom Beard

    Tá amhráin ar Fenian a dhéanann aor ar an Ríocht Aontaithe (An Ra), tá amhrán faoi dhlúthpháirtíocht thrasnáisiúnta (Palestine), ceann a dhéanann cur síos áirithe ar na Trioblóidí (Occupied 6: “Only bad news at home / Who was shot, was he known? / From the shop coming home / Another ma on her own”), agus ceann eile atá sáithithe in easpa codlata, faoi thionchar cócaon (Cocaine Hill).

    “Tá an t-albam seo mar fhreagra ar ár mbliain, ar an ‘witch hunt’ agus ar achan rud eile,” a deir Mo Chara.

    [ Jessica Reynolds: ‘Being in the Kneecap film opened my eyes to my Irish identity’Opens in new window ]

    Ina dhiaidh sin agus uile, tá Kneecap iontach suaimhneach anois. Níl JJ Ó Dochartaigh, aka DJ Próvaí, an fear a chaitheann an balacláva i láthair anseo. Is é seo an lá tar éis do Viktor Orbán an t-olltoghchán a chailleadh. Chuir Orbán cosc ar Kneecap teacht isteach san Ungáir.

    “Más é Batman Kneecap”, arsa Móglaí Bap, “is é Orbán an Penguin”. Mí na Samhna seo caite, i ndiaidh trí chúl Troy Parrott i gcoinne na hUngáire, scríobh Kneecap ar na meáin shóisialta: “Stick that up your bollox Viktor Orbán.”

    Anois, níl ach fadhb bheag amháin acu maidir le rialú teorann.

    “An bhfuil muid ábalta dul chun na hUngáire arís?” a cheistíonn Mo Chara.

    “Ní dóigh liom gur féidir le héinne cosc a chur orainn dul ar an traein go dtí an Ungáir,” a deir Móglaí Bap, ag rá go bhfuil go leor bealaí traenach isteach sa tír.

    Achomharc dlí:  Lucht tacaíochta Kneecap lasmuigh den chúirt i Londain i mí Eanáir. Grianghraf: Lucy North/PA Wire
    Achomharc dlí: Lucht tacaíochta Kneecap lasmuigh den chúirt i Londain i mí Eanáir. Grianghraf: Lucy North/PA Wire

    Tagann Mo Chara ar chinneadh.“Dodhéanta a smachtú.”

    Tháinig an chuid is mó de Fenian le chéile sa stiúideo le linn seisiún a bhí “briste suas le coinní cúirte”, a deir sé. “Don chuid is mó de ghrúpaí, tá siad in ann dul isteach sa stiúideo, na cuirtíní a dhruidim, an doras a chur faoi ghlas ar feadh cúpla seachtain agus albam a dhéanamh gan dul go dtí an Magistrates Court, for f*** sake.” Ach, “Cé gur cheap muid go raibh sin saghas ina bhac orainn, a mhalairt a bhí ann.”

    Nuair a d’fhreastail Carey ar an gcúirt agus agóid ar siúl lasmuigh, rinne sé an gháir “Free Mo Chara” a thaifeadadh, gáir a d’úsáid sé ar an amhrán Carnival, leis na liricí, “There’s a carnival coming to a town near you, / Kneecap versus the Crown, so come here you, / step up and view their attraction, / circus of distractions, / away from their actions is where they will steer you.” Tháinig Mo Chara ar an smaoineamh don amhrán sin nuair a bhí sé ina shuí sa chúirt, taithí a deir sé a bhí “mar spreagadh mór” dá chuid cruthaitheachta.

    Ba rogha a bhí ann albam a scríobh faoin mbrú sin. Bhí a lán súl orthu. Deir Mo Chara, más rud é gur imigh siad as radharc chun déileáil leis na rudaí a bhí ag tarlú, bheadh an nóiméad caillte. “Tá sé níos fearr dul leis an sruth ná dul ina choinne.”

    “Tarlaíonn rudaí, agus scríobhann tú faoi,” a deir Móglaí Bap.

    Thar na blianta, thosaigh cáil ag teacht ar Kneecap faoina gcuid gníomhachais níos mó ná a gcuid ceoil. Ach ní strainséirí iad i dtaobh agóidí. “An rud a ghlaoitear agóid air, ceapadh mo chlann gur cóisir é,” a deir Móglaí Bap.

    Fenian: Kneecap ag seinnt ag an 3Arena i mBaile Átha Cliath, mí na Nollag 2025. Grianghraf: Chris Maddaloni
    Fenian: Kneecap ag seinnt ag an 3Arena i mBaile Átha Cliath, mí na Nollag 2025. Grianghraf: Chris Maddaloni

    Ina ghasúr dó, is cuimhin leis a athair – an gníomhaí teanga Gaeilge, Gearóid Ó Cairealláin – lipéid ‘bruscar’ a chur ar boscaí bruscair sa cheantar. Fuair sé bás díreach roimh cheann de na ceolchoirmeacha is mó a bhí ag Kneecap san SSE Arena i mBéal Feirste in 2024. Bliain níos déanaí, fuair a mhaimeo bás díreach roimh a gcéad cheolchoirm sa 3Arena i mBaile Átha Cliath.

    Mar dhéagóir, d’imigh Móglaí Bap go Asda lena mháthair chun earraí ón Iosrael a tharraingt as na seilfeanna. Fuair Aoife Ní Riain bás trí fhéinmharú in 2020. Tá an t-amhrán deireanach ar an albam, Irish Goodbye, scríofa in ómós dá mham, ag déanamh cur síos ar an áilleacht sa ghnáthrud ina gcaidreamh; ag dul ar siúlóidí, ag ithe lón i gcaifé Chlements, ag breith greim láimhe uirthi.

    Is é an chéad agóid sráide is cuimhin le Mo Chara, ná ceann faoi chearta Gaeilge. Mar oibrí óige, bheadh sé páirteach in agóidí faoi thionchar diúltach na gciorruithe buiséid ar sheirbhísí do daoine óga. Nuair a bhuaigh Kneecap cás i gcoinne rialtas na Breataine mar gheall ar iad ag diúltú maoiniú ealaíon dóibh go neamhdhleathach, thug siad an deontas do dhá ionad óige i mBéal Feirste: leath do Glór na Móna, agus leath do RCity ar Bhóthar na Seanchille.

    Nuair a bhíonn siad ar thuras ceolchoirme, bíonn Móglaí Bap ag rith deich gciliméadar i ngach cathair ina seinneann siad chun airgead a chruinniú i gcóir pacáistí bia i nGaza. Rachaidh aon trian de na brabúis ón ngeansaí a d’eisigh siad le Bohemians FC – tá a mbainisteoir, Daniel Lambert, ina phríomhoifigeach tráchtála don chlub – go dtí stiúideo ceoil sa Bhruach Thiar.

    Faoi bhrú i rith na bliana agus “rudaí ag tarlú”, tá seans maith ann go raibh tacaíocht teiripe ag teastáil. “Cinnte,” deir Mo Chara. “Le blianta fada,” a deir Móglaí Bap.

    Mo Chara, AKA Liam Óg Ó hAnnaidh. Grianghraf: Max Miechowski/The New York Times
    Mo Chara, AKA Liam Óg Ó hAnnaidh. Grianghraf: Max Miechowski/The New York Times

    Fiú leis sin, conas nár imigh siad as a meabhair?

    “Téim as mo mheabhair uair sa tseachtain ar a laghad. Just get on with it. Ní cheapaim go bhfuil aon duine á choinneáil go hiomlán le chéile i ndáiríre,” a deir Móglaí Bap.

    “White-knuckling i gcónaí,” a deir Mo Chara.

    Déanann Móglaí Bap cur síos ar a straitéis: “Tóg roinnt psilocybin, freak out, tosaigh ag caoineadh, agus ansin tá tú ceart go leor arís.”

    Sin, agus traenáil – is iománaí é – agus folcadáin fhada.

    Chomh maith le sin, d’imigh siad chuig Miyako, oileán sa tSeapáin, chun scíth a ligean.

    “Tá rud éigin tarraingteach faoin anord,” a deir Móglaí Bap.

    Níl Mo Chara cinnte. “Uaireanta” arsa seisean.

    “Tá sé an-spreagúil, an t-anord”, a deir Móglaí Bap.

    “Is féidir leatsa an brat a iompar an chéad uair eile,” a deir Mo Chara, agus é ag magadh, go fuarchúiseach.

    Sin brat Hizbullah a bhí in airde aige (más fíor) ag ceolchoirm i Kentish Town i Londain thuaidh i mí na Samhna 2024. Líomhnaíodh freisin go ndúirt sé ‘Up Hamas! Up Hizbullah!’

    Cuireadh an chuid is mó den albam Fenian le chéile sa stiúideo, le linn seisiún a bhí “briste suas le coinní cúirte”. Grianghraf: Tom Beard
    Cuireadh an chuid is mó den albam Fenian le chéile sa stiúideo, le linn seisiún a bhí “briste suas le coinní cúirte”. Grianghraf: Tom Beard

    I ndlí na Breataine, tá an dá eagraíocht rangaithe mar eagraíochtaí sceimhlitheoireachta, agus tá cosc ní hamháin a bheith mar bhall díobh, ach tacaíocht mhorálta nó faomhadh a thabhairt ach an oiread. Cé go bhfuil Hamas agus Hizbullah taobh thiar de roinnt achrainne, an bhfuil tacaíocht leo riamh dlisteanach?

    Míníonn Mo Chara go béasach nár mhaith leis an t-ábhar a phlé, agus deir sé go bhfuil ráitis an ghrúpa ar an ábhar déanta go poiblí cheana féin. (Dúirt Kneecap i mí Aibreáin 2025, “Let us be unequivocal, we do not, and have never, supported Hamas or Hzbollah. We condemn all attacks on civilians, always. It is never okay. We know this more than anyone, given our nation’s history.”)

    [ A week with Kneecap: ‘Liam Óg doesn’t like much attention. This is quite a lot of heat for him’Opens in new window ]

    Ag an bhféile Coachella i gCalifornia in 2025, chuir siad an mana “F**k Israel. Free Palestine” ar chúl an stáitse. D’fhreagair an slua go maith, ach ina dhiaidh sin, rinne earnáil an cheoil iarracht iarmhairtí a fháil. Cháin Toddla T, léiritheoir an chéad albam ón ngrúpa, Fine Art, an “backdoor pressure”, mar a thug sé féin air i mBéarla, ó ghrúpa feidhmeannach san earnáil ceoil a líomhnaítear a scríobh chuig lucht eagraithe Glastonbury ag éileamh go mbainfí Kneecap de chlár na féile. (Chuir an iliomad ceoltóirí mór le rá a síniú le litir ina dhiaidh sin ag tacú le saoirse cainte an ghrúpa).

    Bhí ráitis ó Phríomh-Aire na Breataine, Keir Starmer, chomh maith, ina raibh an méid seo a leanas: “My views on Kneecap are very well known in relation to what they stand for and what they say, which is completely intolerable.”

    Ar an amhrán Liars Tale ar Fenian, freagraíonn Kneecap, “F**k Keir Starmer, Netanyahu’s b**ch and genocide armer.”

    Chomh maith leis sin, bhí daoine ag dul trí fhíseanna óna gceolchoirmeacha. Bhí clib amháin ar ais i mí na Samhna 2023, a raibh an chuma air gur thaispeáin sé duine ón ghrúpa a rá, “The only good Tory is a dead Tory. Kill your local MP.” (Níor chuaigh fiosrúchán na Metropolitan Police áit ar bith tar éis an fhís a scrúdú, mar tharla na cionta líomhnaithe lasmuigh den teorainn ama chun ionchúiseamh a thógail.)

    Dar le Kneecap, baineadh an ráiteas as comhthéacs, mar chuid de fheachtas clúmhillte.

    Ach an dtugann an argóint sin bealach do Kneecap a bhfreagrachta seachaint?

    “Baineann sin le comhthéacs i rith ceolchoirme,” a deir Mo Chara, “Má thógann tú clib de dhuine grinn áirithe mar shampla, is féidir leat iad a léiriú mar an duine is measa ar domhan, nuair, i ndáiríre go n-aithníonn daoine sa seomra sin cad atá ar siúl. B’fhéidir go bhfuil taibheoir saghas conspóideach, ach pé rud é, aithníonn daoine gur ag magadh atá sé nó sí. Ar ndóigh, níl muid ag tacú le dúnmharú polaiteoirí in aon chor.”

    Deir Móglaí Bap, “Bhí fear grinn amháin a dúirt gur cheart Glastonbury a bhuamáil mar go raibh Jeremy Corbyn ansin. Ní thabharfar chun cúirte é mar gheall air sin.”

    An comhthéacs i rith ceolchoirm bheo, a deir sé, baineann sé le bomaite laistigh de chomhthéacs níos leithne, chomh maith leis an tslí ina ndeirtear rud éigin.

    Kneecap ar stáitse le linn Féile Glastonbury in 2025. Grianghraf: Yui Mok/PA
    Kneecap ar stáitse le linn Féile Glastonbury in 2025. Grianghraf: Yui Mok/PA

    “Tá na sonraí seo fíorthábhachtach. B’fhéidir go mbeidh tú ag gáire faoin tslí ina deirtear rud, piss-take iomlán, ach níl éinne chun gig a fhágáil agus fuadar maraithe orthu. Cailltear an magadh mura bhfuil tú i láthair.”

    Mar sin féin, cuireann sé isteach ar roinnt daoine an tslí ina úsáideann siad íomháineachas agus fiú an t-ainm Kneecap. Scríobh an staraí Liam Kennedy go ndéanann an t-ainm an méid seo a leanas: “trivialises forms of repression within Catholic nationalist areas under the brutal discipline of the Provisional IRA”.

    “Sin é!” a deir Mo Chara, “Tá sé aige!”

    I ndáiríre, an bhfuil pointe ann ina scoilteann an íoróin isteach go réimse eile ina ndéantar rud álainn den uafás?

    “Goitse,” a deir Mo Chara, “bhí na topaicí seo ‘out of bounds’ ar feadh blianta fada. Nuair nach bhfuil daoine ag caint, líontar an spás sin le coimhlint. Tuigim go bhfuil daoine atá b’fhéidir níos sine agus a wee bit níos cóngaraí don choimhlint, go mbeidh siad íogair dó. ‘Fair enough’. An rud atá muidne ag déanamh leis an chraic seo, tá muid ‘ag normalú an chraic leis. Tá lads ar aon aois liomsa ón tSeanchill agus níor labhair mé leo riamh. Is ar éigean a bhí seans agam caint le duine ón gcúlra sin. Táimid ag an bpointe, tá súil agam, go bhfuil muid ábalta an piss a thógáil. Agus tá sé ag tarlú. Ní thuigeann daoine níos sine, b’fhéidir. Tá daoine óga ag spochadh as a chéile leis an chraic sin, ach ag pointe amháin don ghlúin níos sine, bhí an cineál sin ruda foréigneach. Dúinne, tá muid ag tógáil an piss le chéile. Ceapaim go bhfuil dialóg iontach tábhachtach. Ag deireadh an lae, díreach mura dtaitníonn rud leat, mura dtuigeann tú é, ní chiallaíonn sin gur duitse atá sé an t-am ar fad.”

    Deir Móglaí Bap, “Ceapaim go bhfuil rud faoi lucht acadúil: feiceann siad ar rudaí ón taobh amuigh. Ar an taobh istigh, ní fheiceann siad muid ag caint leis na daoine seo, daoine mar Young Spencer, ag gigs linn” – rapper aontachtach a sheinn le Kneecap mar ghníomh tacaíochta – “nó duine a raibh a dtuismitheoirí sa UDA, seans.”

    Ní féidir leat daoine a bhuamáil toisc go gceapann tú go bhfuil siad coimeádach

    —  Móglaí Bap

    Deir sé nach smaoiníonn daoine óga cosúil le hollaimh staire. “Sin díreach lucht acadúil, nó daoine ar leith a bhfuil tuairim acu faoin gceol s’againne, a cheapann go gcruthóidh ár gceol bacainní nó deighilt. I ndáiríre, níl sé mar sin… Déanann sin beag is fiú de dhaoine óga faoi láthair. Agus bíonn míthuiscint ag daoine [áirithe] air d’aon ghnó chun uafás a chruthú.”

    Mo Chara anois, “Tá sé tábhachtach a lua, le daoine cosúil le Young Spencer, ní aontaím leis. Ní aontaíonn seisean liomsa. Is poblachtach mise, agus is dóigh gur aontachtóir eisean. Ach tá sé dílis dó fhéin, agus tá meas agam air sin. Tá meas agam air. Tá ‘tune’ aige, P.R.O.D., agus is breá liom é. Ceapaim go bhfuil sin ‘unreal’. Tá daoine óga ag bogadh ar aghaidh.”

    “Tá sé tábhachtach sa phoblachtánas,” a deir Móglaí Bap, “go bhfuil dlúthpháirtíocht ann.”

    Tá dlúthpháirtíocht an lucht oibre mar theachtaireacht lárnach ag Kneecap, ar fud na féiniúlachta agus an phobail. Mar a dúirt Mo Chara uair amháin: “I’ve more in common with f***ing Joe Bloggs from the Shankill Road, who’s 23, than Sebastian Cockworth from Dublin, even though we’ve got the same passports. I’ve more in common with a working-class unionist than an upper-class Irish.”

    Fair play to you for brining supplies to Cuba and opposing the embargo. When you’re there – might I suggest you call for the restoration of free speech, free assembly and a free press followed by real multi-party elections. Cubans haven’t been allowed to elect their own…

    — Leo Varadkar (@LeoVaradkar) March 16, 2026

    Tá Kneecap ag iarraidh freagra a thabhairt ar Leo Varadkar chomh maith. Is leantóir Kneecap é, ach cháin sé iad le déanaí nuair a bhí siad ag taisteal go Cúba mar bhaill de thionlacan daonnúil chun agóid a dhéanamh faoin lánchosc atá i bhfeidhm, agus pobal Chúba ag fulaingt faoi, go háirithe mar gheall ar easpa breosla, leigheas, agus bia.

    Roimh Glastonbury na bliana seo caite, chosain an t-iar-Thaoiseach ceart Kneecap chun bheith míchuibhiúil, dúshlánach, agus trioblóideach. Ach ar an ábhar seo, dúirt sé, agus iad sa tír, gur chóir dóibh labhairt ar son, “saoirse cainte, saoirse tionóil agus saoirse an phreasa a chur ar fáil arís, agus fíorthoghcháin ilpháirtí chomh maith.”

    Ach nuair a bhí Varadkar mar Thánaiste, deir Móglaí Bap, stiúir sé misean trádála chuig an Araib Shádach, agus é “ag fáil grianghraf le fellas” freagrach as “na cloigne a bhaint de dhaoine”.

    “Is cinnte go bhfuil fadhbanna ansin, fadhbanna móra,” a deir Mo Chara faoi Chúba, “Ach ní sin an fáth a raibh muid ann. Bhí muid ansin as siocair nach raibh mná a bhí ag iompar clainne ábalta leigheas a fháil; tá naíonáin nuabheirthe ag lorg bainne. Sin fadhbanna daonnúla. Níl mise chun dul thall go Cúba agus a rá leo conas an tír a reáchtáil, agus na ceisteanna polaitíochta a réiteach. Bhíomar ansin go díreach ar chúiseanna a bhain le cúnamh daonnúil. Níl muid chun aon rud [eile] a réiteach. Ach tuigim.”

    Agóid in aghaidh an trádbhaic: Kneecap i gCuba i mí an Mhárta. Grianghraf: Yamil Lage/AFP via Getty
    Agóid in aghaidh an trádbhaic: Kneecap i gCuba i mí an Mhárta. Grianghraf: Yamil Lage/AFP via Getty

    Arsa Móglaí Bap, “‘Pionós a ghearradh ar achan duine ag an am chéanna – beag beann ar do chuid tuairimí faoi Chúba, an Phalaistín, an Iaráin – níl sé inghlactha. Ní thugtar údar riamh dó. Cibé rud a dhéanann Cúba nó an Iaráin, cibé srianta atá acu ar shaoirse cainte, mura n-aontaíonn tú leis na rialtais sna tíortha sin, ní thugann sé cúis don phíonós comhchoiteann.”

    I gcaitheamh an 20ú haois, a deir Móglaí Bap, bhí cosc ar mhná pósta oibriú san earnáil poiblí, “Bhí ar mo mhaimeo a post a thabhairt suas. Ach ní féidir leat daoine a bhuamáil toisc go gceapann tú go bhfuil siad coimeádach.”

    Thíos staighre, suíonn Mo Chara agus Móglaí Bap ag bord sa chúinne. Tagann a dheartháireacha isteach, agus siúlann daoine isteach agus amach as an áit, fear amháin a bhfuil grianghraf ar a ghuthán aige agus é gléasta mar DJ Próvaí. Tagann beirt déagóirí ina n-éide scoile, agus labhraíonn siad le Kneecap faoina saol, as Gaeilge. Tagann leantóir as an Indinéis chucu le tatú a deir “Tiocfaidh Ár Lá” ar a lámh.

    Tosaíonn Fenian le hÉire Go Deo. Tá sé in ómós do laochra na Gaeilge. San amhrán, atá bunaithe ar shampla de shaothar an cheoltóra Róis, tá focail ó thuismitheoirí Móglaí Bap, a múinteoir, Breandán Ó Fiach, an scríbhneoir Manchán Magan a bhásaigh le gairid, agus Ciarán Mac Giolla Bhéin, Uachtarán Chonradh na Gaeilge a tháinig chuig a gcéad cheolchoirm.

    “Seasann muid ar a nguaillí,” a deir Mo Chara. (Luann sé an craoltóir Rónán Mac Aodha Bhuí freisin).

    Taobh amuigh, tá Móglaí Bap ag iarraidh aird a tharraingt ar rud éigin ar an mballa. Níl sé chomh feiceálach céanna le múrphictiúr Kneecap, ach rud eile atá ann de thoradh feachtasaíocht cainteoirí Gaeilge na háite. Díríonn sé a mhéar agus meangadh ar a aghaidh: tá an comhartha sráide as Gaeilge.

    Seolfar Fenian, albam Kneecap, le Heavenly Recordings, Dé hAoine, an 1 Bealtaine. Tá Kneecap ag seinm ag AVA Festival i mBéal Feirste, Dé Sathairn, an 30 Bealtaine





    Source link

    Related Posts

    Martina Devlin: We must stop regarding people with mental health issues as weak – depression is not a character flaw
    Ireland

    Martina Devlin: We must stop regarding people with mental health issues as weak – depression is not a character flaw

    May 5, 2026
    Two-way linguistic traffic? No problem! – The Irish Times
    Ireland

    Two-way linguistic traffic? No problem! – The Irish Times

    May 5, 2026
    Staff at a major Dublin hospital opting to quit following ‘exponential increase’ in anti-social behaviour
    Ireland

    Staff at a major Dublin hospital opting to quit following ‘exponential increase’ in anti-social behaviour

    May 5, 2026
    What evidence will form the case against Daniel Kinahan? – The Irish Times
    Ireland

    What evidence will form the case against Daniel Kinahan? – The Irish Times

    May 5, 2026
    Dangerous driver on ‘scrambler-style’ bike claimed garda rammed him
    Ireland

    Dangerous driver on ‘scrambler-style’ bike claimed garda rammed him

    May 5, 2026
    Could injuries derail Ulster’s stellar season?
    Ireland

    Could injuries derail Ulster’s stellar season?

    May 4, 2026
    Next Post
    Gold digger frenzy intensifies in conjunction with the solar eclipse

    Gold digger frenzy intensifies in conjunction with the solar eclipse

    POPULAR NEWS

    Justin Bieber fans flood Coachella festival for headlining show – Entertainment

    Justin Bieber fans flood Coachella festival for headlining show – Entertainment

    April 20, 2026

    Over 600 flee homes as Army, NPA clash in Negros Occidental

    April 21, 2026

    Ex-DPWH exec recalls P800-M ‘delivery’ to Zaldy Co 

    April 20, 2026

    Former PM Paluckas suspends party membership, to waive immunity over criminal probe

    April 24, 2026
    Pres. Ali challenges CARICOM to transform into health research powerhouse

    Pres. Ali challenges CARICOM to transform into health research powerhouse

    April 23, 2026

    EDITOR'S PICK

    Direct Trains from Prague to Hamburg and Copenhagen Launch from 1 May – Initially via Diversion Route

    Direct Trains from Prague to Hamburg and Copenhagen Launch from 1 May – Initially via Diversion Route

    April 30, 2026
    Fátima Femicide comes to the cinema; His parents present a documentary while they continue waiting for justice

    Fátima Femicide comes to the cinema; His parents present a documentary while they continue waiting for justice

    April 16, 2026
    Front RowAntoine Fuqua's controversial biopic of Michael Jackson

    Front RowAntoine Fuqua's controversial biopic of Michael Jackson

    April 27, 2026
    Matanzas: The crisis also haunts Cubans after they die

    Matanzas: The crisis also haunts Cubans after they die

    April 10, 2026

    Recent Posts

    • Bystander, officer among injured in two Auckland stabbings
    • NUV looks to expand science training with new leadership
    • Youth exchanges hailed as vehicles for intl peace
    • China races to build record biobank to rival U.S. drugs research

      © 2026 Agentially - Navigating shifting sovereignties and global risk .

      Welcome Back!

      Login to your account below

      Forgotten Password?

      Retrieve your password

      Please enter your username or email address to reset your password.

      Log In
      No Result
      View All Result

        © 2026 Agentially - Navigating shifting sovereignties and global risk .

        This website uses cookies. By continuing to use this website you are giving consent to cookies being used. Visit our Privacy and Cookie Policy.